BaileAn Taoiseach agus an RialtasMaidir leis an Taoiseach

Beathaisnéis Enda Kenny

 

Enda Kenny Picture

Beathaisnéis Enda Kenny

  • Atoghadh Enda Kenny ina Thaoiseach an 6 Bealtaine 2016 le haghaidh dara téarma.
  • Rialtas stairiúil atá sa 32 Dáil a bhfuil sé i gceannas air sa mhéid is go bhfuil idir Theachtaí Dála Fhine Gael agus Neamhspleáigh ann, agus é bunaithe le cabhair ón bpáirtí freasúrach, Fianna Fáil.
  • Toghadh Enda mar Thaoiseach i dtús aimsire i Márta na bliana 2011 nuair a bhuaigh Fine Gael 76 suíochán, rud nár tharla riamh roimhe. Comhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a bhí ann, go dtí 2016.
  • Tá ionadaíocht déanta aige thar ceann mhuintir Mhaigh Eo mar bhall Fhine Gael de Dháil Éireann ó 1975 amach, rud a fhágann gurb é an Teachta Dála is faide i mbun seirbhíse sa teach.
  • Toghadh ina Cheannaire ar Fhine Gael é i Meitheamh na bliana 2002.
  • Sna toghcháin áitiúla in 2009, bhuaigh Fine Gael 340 suíochán, rud a d'fhág gurbh iad an páirtí is mó iad ar bhonn áitiúil den chéad uair ó tháinig ann don Stát.
  • Bhí sé ina Aire Turasóireachta agus Trádála ó 1994 - 1997, tráth a tháinig borradh aisteach faoi ghnó turasóireachta agus faoi sheasamh trádála na hÉireann go hidirnáisiúnta.
  • Bhí sé ina Aire Stáit ar an Roinn Oideachais, Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus na nOileán, an Roinn um Fhorbairt an Iarthair, Gnóthaí Óige agus Spóirt sna 1980idí.

Roinnt eolais eile

  • Tá Enda pósta le Fionnuala. Tá triúr clainne orthu agus iad sin ina ndaoine fásta anois.
  • Fear mór rothaíochta é a bhfuil páirt glactha aige in go leor aistear rothaíochta ar mhaithe le cumainn charthanachta.
  • Is maith leis a bheith ag siúl na gcnoc, agus tá sé tar éis a bheith ar Chruach Phádraig ina chontae dúchais breis agus 100 uair, agus ar Kilimanjaro ar mhaithe le cumann carthanachta.
  • Is maith leis dul ar saoire leis an teaghlach i gCiarraí gach uile bhliain.
  • Is iomaí cineál leabhair a léann sé, go mór mór leabhair a bhaineann le stair pholaitíochta agus mhíleata na hÉireann.
  • Is cainteoir Gaeilge líofa é.
  • Taitníonn ceol Bruce Springsteen thar cionn leis.
  • D'imir sé dá fhoireann áitiúil CLG, Oileán Éadaí, ar feadh na mblianta agus bhí sé ina bhainisteoir agus ina chóitseálaí orthu freisin.
  • Tugann Enda tacaíocht mhór d'fhoireann peile Mhaigh Eo agus téann chuig a gcuid cluichí nuair is féidir leis. Bhuaigh a athair, Henry Kenny, nach maireann, bonn Uile-Éireann le foireann peile Mhaigh Eo i 1936, údar mór bróid ag an Taoiseach.