Oráid an Taoisigh ar Ócáid a Chúairte ar TG4, Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe chun síneadh ar a gCeannáras a oscailt go hoifigiúil

Is cúis mhór áthais dom bheith in bhur gcuideachta tráthnóna inniu i mBaile na hAbhann chun an  síneadh don gCeannáras iontach seo a oscailt.

Ní fada a bhfuil TG4 ar an mbóthar anois.  Ach sna blianta a bhfuil sibh ar an aer, tá saol agus saibhreas cultúrtha na hÉireann méadaithe go mór de bharr bhur sár-oibre.  Molaim go mór foireann TG4 as ucht na hoibre iontach atá déanta  agaibh.  Tá súil agam go gcuideoidh na háiseanna nua seo leanúint leis an sár-obair seo ar son na teanga.  Ag feáchaint ar aghaidh romhainn, beidh TG4 ábalta seirbhís níos fearr fós a  chur ar fáil do mhuintir na hÉireann sa todhchaí dá bharr.

Leis na háiseanna nua seo idir lámha agaibh, tá súil agam go mbeidh TG4 ábalta a uaireanta craolacháin a mhéadú as seo amach.  Ar aon nós, leis an síneadh nua seo, beidh TG4 i bhfad níos giorra fós a bheith neamhspleách ó RTÉ.  Mar is eol daoibh, tá geallúint don scaradh sin le fáil sa Chlár Rialtais.  Beidh mise agus an tAire Diarmaid Ó hEichthairn ag obair go crua chun an geallúint seo a chur i gcrích chomh luath agus is féidir. 

I míle naoi gcéad nócha seacht, nuair a tháinig an Chomhrialtas i gcumhacht, bhí maoin de trí déag milliún Euro ag dul chuig an mbealach.  I mbliana, tar éis méadú (dochtó sé faoin gcéad) 86%  taobh istigh de chúig bliana, tá TG4 ag fáil breis is fiche ceathar milliún Euro.  Tá sé ar intinn ag an Rialtas seo leanúint le hairgead a chur ar fáil chun go mbeidh TG4 ábalta seirbhís proifisiúnta agus Gaelach a chur ar ár dteilifís gach lá sna blianta atá amach romhainn.

Gan amhras ar bith, tá infheistíocht iontach déanta ag an Rialtas i TG4.  Sular tháing siad ar an aer, bhí easpa cláracha i nGaeilge den scoth curtha ar fáil do mhuintir na hÉireann.  Anois, is léir go bhfuil réimse leathan de chláracha le feiceáil - go háirithe, cláracha do pháistí, do lucht leanúna na nuachta agus an spóirt.  Caithfidh mé a rá go dtaitníonn na cláracha spóirt ar TG4 go mór liom féin!

Agus mé i bhur dteannta inniu ag moladh bhur dea-oibre ar son teanga agus cultúir na hÉireann, ba mhaith liom labhairt faoi cinneadh tábhachtach atá le déanamh ag muintir na hÉireann ins an Reifreann ar an 19ú (naoú lá déag).  Deirim libh inniu - agus is cosúil go mbeidh orm é a athrá go minic - nach bhfuil tada i gceist i gConradh Nice ach an talamh a ullmhú do forleathnú an Aontais Eorpaigh.

Anois tá seans stairiúil ag muintir na hÉireann fáilte a chur roimh tíortha a chaith tréimhse fada ag sracadh leis an gCumannachas.  Le daonlathas bainte amach acu, tá fís ag muintir na tíortha sin a bheith páirteach san Aontas Eorpach sna blianta atá romhainn.  Níl ach an t-aon aisling amháin acu don todhchaí - a náiteanna cearta a ghlacadh taobh istigh den Aontas Eorpach.

Ná déalaimís dearmad ar na buntáistí dúinn féin atá ag baint le forleathnú an Aontais.  Mar shampla, beidh tuilleadh chustaiméirí dár dtáirgí: 100 (céad) milliún custaiméirí nua, go cruinn!

Gan dabht, tá déanta thar barr ag an tír seo ó tháinig muid isteach sa Chomhphobal i 1973 (míle naoi gcéad seachtó trí).  Sa lá atá inniu againn, feictear go bhfuil ár dtodhchaí san Aontas Eorpach agus is beagán duine a ardaíonn a ghuth in aghaidh ár mballríochta.  

Is chuige sin go n-impím ar mhuintir na hÉireann vótáil ar son an Chonartha ins an Reifreann ar an 19ú (naoú lá déag).  Vóta i bhfábhar na hEorpa atá i gceist agus vóta chun go bhfanann an tír seo i gcroílár na hEorpa.  Tríocha bliain ó shin, vótálamar i bhfábhar na hEorpa agus dul chun cinn eacnamaíochta agus sóisialta na tíre.  Anois tá seans againn dúinn vótáil Sea chun a chinntiú go mbeidh an deis chéánna ag ár bpáistí freisin.

Go raibh míle maith agaibh arís.  Agus go n-éirí leis an obair iontach atá ar siúl ag TG4 as seo amach.