€4m ó Chiste na gCuntas Díomhaoin chun Tacaí Pobalbhunaithe a chur ar fáil do Dhaoine Aosta

Tá fógartha inniu ag Noel Ahern T.D., an tAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Sean Power T.D., an tAire Stáit sa Roinn Sláinte agus Leanaí go bhfuil leithdháileadh de €4.043m ceadaithe ag an Rialtas ó Chiste na gCuntas Díomhaoin do 122 tionscadal ar fud na tíre chun tacaí pobalbhunaithe a chur ar fáil do dhaoine aosta.

Is é príomhchuspóir an bhearta maoinithe seo cuidiú le daoine aosta fanacht ina gcónaí ina gcuid tithe agus ina bpobal féin. Is é tosaíocht na dtacaí seo go mbeadh fáil níos éasca ag daoine aosta ar sheirbhísí agus nach mbeadh an oiread gá acu do chúram cónaithe.

I measc na dtionscadal atá á maoiniú tá soláthar áiseanna iompair a chuideoidh le daoine aosta teacht níos éasca a bheith acu ar sheirbhísí. Dírítear freisin ar riachtanais shóisialta agus chaithimh aimsire na ndaoine aosta agus tá maoiniú ar scála beag tugtha do go leor de na tionscadal chun imeachtaí agus gníomhaíochtaí caitheamh aimsire a eagrú. Tugadh deontais aonaracha de idir €5,000 agus €50,000.

Agus é ag fógairt leithdháileadh an lae inniu, dúirt an tAire Ahern "Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil an leithdháileadh mór seo ceadaithe ag an Rialtas do dhaoine aosta. Tá sé ar cheann de na príomhthosaíochtaí i straitéis an Rialtais tacú le daoine aosta chun fanacht ina gcuid tithe agus ina bpobal féin. Tá sé soiléir go bhfuil éileamh mhór ar na cineálacha tacaí seo agus creidim go dtugann an maoiniú a fógraíodh inniu léargas dúinn ar na buntáistí ar leith a bhaineann le húsáid sonrach Chiste na gCuntas Díomhaoin i gcur le tacaí lársrutha."

Dúirt an tAire Ó Cuív go bhfuil i gceist aige moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais go luath maidir le heisíocaíochtaí as Ciste na gCuntas Díomhaoin do 2007 agus measann sé go mbeidh tacaí do dhaoine aosta lárnach arís sna moltaí sin.

Dúirt an tUasal Sean Power T.D., an tAire Stáit sa Roinn Sláinte agus Leanaí, a bhfuil freagracht speisialta air ó thaobh Dhaoine Aosta "Is é polasaí an Rialtais seo aire a thabhairt do dhaoine aosta ionas gur féidir leo a ndínit agus a neamhspleáchas a choimeád chomh fada agus is féidir, de réir mar is mian leo. Tacóidh an maoiniú seo leis an bpolasaí sin trí mhaoiniú a dhéanamh ar thionscadail a dhíríonn ar riachtanais chaithimh aimsire agus sóisialta na ndaoine aosta, chomh maith le cúram pobail agus seirbhísí eile. Tá sé seo ag tarlú taobh le taobh leis an méadú bliantúil is mó riamh ar mhaoiniú do dhaoine aosta, a fógraíodh i gCáinaisnéis na bliana seo."

Díríonn na heisíocaíochtaí ó Chiste na gCuntas Díomhaoin ar thrí chineál duine:
- iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch agus sóisialta;
- iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil; agus
- daoine le míchumas

Tagann an maoiniú a fógraíodh inniu faoi theideal an mhíbhuntáiste eacnamaíoch agus shóisialta agus tugann sé iomlán na leithdháiltí atá ceadaithe ag an Rialtas go dtí seo i mbliana, faoin teideal seo, go beagnach €17.5 milliún. Fógrófar breis eolais faoi bheartais eile faoin teideal seo sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn.

Tá liosta iomlán na dtionscadal faoi iamh.

Críoch

Tuilleadh eolais:
Éadaoin Ní Mhonghaile - 087 8519913

 

To view and print PDF files, a viewer program called Acrobat Reader Version is required. A free copy of this Adobe Reader can be downloaded from the Adobe Website