Ráiteas an Rialtais i Leith na Gaeilge

Tá beagnach 1.6 milliún duine in Éirinn ábalta Gaeilge a labhairt agus measann 92% de dhaoine a ceistíodh i suirbhé go bhfuil sé tábhachtach don tír, dóibh féin nó iad araon, go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn.  Is iad na fíricí seo bonn agus taca “Rialtas na hÉireann: Ráiteas i leith na Gaeilge 2006” a sheol an Rialtas i dTeach Farmleigh inniu.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an Taoiseach Bertie Ahern, go sonraíonn an ráiteas seo éabhlóid mhór sa bheartas náisiúnta i leith na Gaeilge.  “Bhí sé mar aidhm ag polasaithe Rialtais sa 20ú haois an Ghaeilge a chur ar ais mar phríomhteanga labhartha na ndaoine, ach tá sé i gceist ag an Rialtas anois díriú ar shochaí dhátheangach a fhorbairt ar bhealach praiticiúil – sochaí ina bhfuil an méid daoine agus is féidir ábalta Gaeilge agus Béarla araon a labhairt go héasca.”

Cuireann an ráiteas seo cúram ar an Rialtas maidir le straitéis fiche bliain a fhorbairt, bunaithe ar 13 cuspóir, lena n-áirítear:

  • Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán agus déanfar éascaíocht don phobal maidir lena gcuid cearta an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát.
  • Cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil do thuismitheoirí ar mian leo a gclann a thógáil le Gaeilge.
  • Leanfar le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí craolacháin ar ardchaighdeán trí Ghaeilge, go háirithe ar  TG4, RTÉ agus Raidió na Gaeltachta.
  • Tabharfar tacaíocht speisialta don Ghaeltacht mar cheantar ina labhraítear Gaeilge.
  • Leanfar le teagasc na Gaeilge mar ábhar éigeantach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistiméireachta agus cothófar cumas i labhairt agus i scríobh na teanga.
  • Déanfar infheistíocht bhreisithe i bhforbairt ghairmiúil agus i dtacaíocht leanúnach do mhúinteoirí mar aon le hinfheistíocht bhreisithe i soláthar téacsleabhar agus acmhainní agus i dtacaíocht do mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama.
  • Déanfar forbairt bhreise ar oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge.

Dúirt Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, gurb é seasamh soiléir an Rialtais gur le gach duine an Ghaeilge, is cuma cén líofacht atá acu.  “Mar gheall ar thiomantas leanúnach na Rialtas a tháinig i ndiaidh a chéile, don teanga, cinntíodh go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge – rud a léirítear sna Daonáirimh.  Tá súil agam go bhfeicfear an ráiteas seo mar bhunchloch do pholasaí nua ar a mbunófar gníomh praiticiúil don Ghaeilge a bheas bunaithe ar chur chuige nua-aimseartha agus straitéis fhoirfe.  ”

Déanfar na socruithe seo a leanas chun an straitéis a réiteach:

  • Beidh ról comhairleach ag Fóram na Gaeilge i gcomhairle a chur ar an Aire maidir leis an straitéis. 
  • Ceapfar duine sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun an obair a stiúradh ó lá go lá
  • Tá €300,000 á chur i leataobh agam le n-íoc as costais a bhaineann le réiteach na straitéise as seo go ceann dhá bhliain. 
  • Fostófar saineolaithe ar conradh le comhairle a chur ar an Roinn agus ar An Rialtas maidir leis an straitéis agus bainfear leas as saineolas domhanda chun an obair a chur i gcrích. 
  • Spriocam dhá bhliain atá le réiteach na straitéise.
  • Rachfar i gcomhairle leis an bpobal mar is cuí i réiteach na straitéise ó tharla go bhfuil tacaíocht an phobail don ráiteas agus don straitéis fíorthábhachtach.

Dúirt an Tánaiste, Michael McDowell, go bhfuil gluaiseacht na Gaelscolaíochta ag dul ó neart go neart agus méadú ag teacht ar an éileamh atá ar thionscnaimh ar nós TG4.  Mar gheall ar seo, tá athbheochan ag tarlú nar tharla cheana ó thaobh na Gaeilge de, a dúirt sé.  “Tá beagnach 100,000 duine ar fud na tíre a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil taobh amuigh den scoil, agus níl aon amhras ach go bhfuil sé seo amhlaidh  mar gheall ar an gcosaint phraiticiúil, dhlíthiúil agus Bhunreachtúil a tugadh di sa sochaí tar éis gur baineadh neamhspleáchas amach sa tír seo.”

Freisin, tugann Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge gealltanas go dtabharfar cuidiú agus tacaíocht d’Institiúidí an Aontais Eorpaigh i gcur i bhfeidhm an chinnidh a rinneadh chun teanga oifigiúil agus oibre a dhéanamh den Ghaeilge san AE ón 1 Eanáir 2007.

Is céim mhór chun cinn í seo don teanga, sa bhaile agus thar lear.  Den chéad uair, beifear ag labhairt agus ag tuiscint na Gaeilge i gComhairle na nAirí agus i bParlaimint na hEorpa.  Beidh an Rialtas ag leanúint leis an obair dhlúth atá ar bun leis na hInstitiúidí chun cur leis an acmhainn Ghaeilge agus an stádas nua, breise seo atá ag an teanga ag teacht i bhfeidhm.           

Ag cur le meanma Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge, tionólfar Lá Gaelach i dTeach Farmleigh ar an Déardaoin, 21 Nollaig.  Is iad Seachtain na Gaeilge atá ag comhordú na hócáide seo le cabhair ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.  Tá an Lá Gaelach dírithe ar gach duine – iad siúd nach bhfuil acu ach cúpla focal, chomh maith leo siúd atá líofa sa teanga.  Tá breis eolais ar fáil ar www.farmleigh.ie.

Tuilleadh eolais: 01 6473130; Éadaoin Ní Mhonghaile 087 8519913

Nóta don Eagarthóir

Tá Fóram na Gaeilge comhdhéanta de na Rannaí Stáit ábhartha (An Roinn Oideachais agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta), eagraíochtaí a bhfuil baint lárnach acu le ceist na Gaeilge, ar nós Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, TG4, Raidió na Gaeltachta agus an earnáil deonach.

To view and print PDF files, a viewer program called Acrobat Reader Version is required. A free copy of this Adobe Reader can be downloaded from the Adobe Website