Bhí cruinnithe ag an Taoiseach le beirt phríomhcheannaire polaitíochta de chuid na Stát Aonaithe inniu – an Seanadóir Patrick Leahy as Vermont agus an tIar-Fheisire Bruce Morrison.
Casfaidh an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain, T.D. le hUachtarán Phoblacht na Seice, an tUasal Václav Klaus, inniu, Dé Luain, agus an tUachtarán ar Cuairt Stáit trí lá chun na hÉireann. Meastar go bpléifidh an Taoiseach agus an tUachtarán Klaus na tosaíochtaí i ndáil le hUachtaránacht na Seice ar an gComhairle Eorpach ina dhiaidh seo, an ghéarchéim airgeadais domhanda, Conradh Liospóin agus caidrimh dhéthaobhacha idir Éire agus Poblacht na Seice.
Tá cinneadh an Pháirtí Dhaonlathaigh deireadh a chur leis an bPáirtí tugtha ar aird ag an Taoiseach agus glacann sé leis.
Beidh an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain, T.D. i láthair, inniu, Dé hAoine, ag Cruinniú Neamhfhoirmiúil na gCeann Stáit agus Rialtais, sa Bhruiséil.
Thréaslaigh an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain, leis an gComh-Thascfhórsa um Dhrugaí, tráthnóna, i ngeall ar an urghabháil ollmhór drugaí amach ón gcósta inniu.Dúirt an Taoiseach gur mhaith leis tréaslú leo siúd go léir a bhí rannpháirteach san urghabháil, go raibh ard-mholadh tuillte acu as obair a bheith curtha i gcrích go proifisiúnta agus as a ndílseacht don dualgas a bhí orthu.
Chas an Taoiseach, Brian Ó Comhain, le baill nua an Ghrúpa Stiúrtha um Shaoránacht Ghníomhach inniu agus rinne sé achainí orthu cabhrú leis an Rialtas agus le muintir na hÉireann go léir an rannpháirtíocht phobail atá riachtanach a chur i bhfeidhm sa phobal.
Sheol an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain, TD, teachtaireacht chomhghairdis chuig Barack Obama ag tréaslú leis, agus é anois ar an 44ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Luaigh an Taoiseach go gcaithfeadh an Rialtas féin na cinntí sin a dhéanamh a chinnteodh go mbeadh rath ar Éirinn amach anseo.
Ag labhairt dó ag an gCéad Chruinniú Comhchéime Gnó le Rialtas na hÉireann luaigh an Taoiseach go gcaithfeadh an Rialtas féin na cinntí sin a dhéanamh a chinnteodh go mbeadh rath ar Éirinn amach anseo.
Leanfaidh an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain T.D, lena chuairt chun na Síne inniu, mar a mbeidh sé i láthair agus ag labhairt ag an Seachtú Cruinniú Áise-Eoraip.
Beidh Uachtarán Hu na Síne, Uachtarán na Fionlainne (ba san Fhionlainn a tionóladh ASEM 6) agus an tUachtarán Sarkozy thar ceann Uachtaránacht an AE i measc na gceann stáit eile a bheidh ag labhairt.
Casfaidh an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain, T.D, le Príomh-Aire Phoblacht na Síne, Wen Jiabao, inniu, Déardaoin, chun an caidreamh trádála agus déthaobhach tábhachtach atá idir Éire agus an tSín a phlé, caidreamh atá ag méadú i gcónaí.