Is é an trua é go bhfuil ardú tagtha ar líon na ndaoine atá dífhostaithe ach ní haon iontas é leis an gcúlú mór atá tagtha ar an ngeilleagar ag an leibhéal domhanda agus ag an leibhéal náisiúnta.
Government Decision to Safeguard Irish Banking System
Cinneadh an Rialtais Córas Baincéireachta na hÉireann a chosaint
Chinn an Rialtas socrú ráthaíochta a chur i bhfeidhm láithreach a thabharfaidh cosaint do gach taisce (miondíola, tráchtála, forais agus idirbhainc), banna faoi chumhdach, fiach tosaíochta agus fofhiach dátaithe (leibhéal íseal II), i gcás na mbanc seo a leanas: Banc Aontas Éireann, Banc na hÉireann, Banc Angla-Éireannach, Irish Life and Permanent, Irish Nationwide Building Society agus an Educational Building Society, agus fochuideachtaí sonracha a cheadóidh an Rialtas tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais agus leis an Rialtóir Airgeadais. Tá an méid sin curtha i gcrích ag an Rialtas tar éis comhairle a fháil ó Ghobharnóir an Bhainc Cheannais agus ón Rialtóir Airgeadais maidir leis an tionchar a bhí ag an ngéarchéim sa mhargadh idirnáisiúnta le gairid ar chóras Baincéireachta na hÉireann. Gearrfar muirear ar na forais lena mbaineann agus an ráthaíocht á cur ar fáil agus beidh sí faoi réir ag téarmaí agus ag coinníollacha sonracha ionas gur féidir leas an cháiníocóra a chosaint. Clúdóidh an ráthaíocht na saoráidí go léir thuasluaite leis na forais sin agus aon saoráidí nua den sórt sin arna n-eisiúint ó mheánoíche an 29 Meán Fómhair 2008 amach, agus rachaidh in éag meánoíche an 28 Meán Fómhair 2010.
D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais, Pádraig Ó Ciardha, T.D. an Clár Reachtaíochta inniu don seisiún Dála atá amach romhainn agus a gcuirfear tús leis amárach.