Ráiteas ón gComhlacht Feidhmithe Náisiúnta  faoi bhagairt ghníomh tionscail san Earnáil Conartha Leictreachais

 Ó tharla go bhféadfadh sé go mbeadh corraíl mhór feadh an gheilleagairt tá an Comhlacht Feidhmithe Náisiúnta ag féachaint an díospóid atá bagartha san earnáil conartha leictreachais.

I gcomhthéacs na gceisteanna casta atá i gceist is é tuairim NIB gur chóir do na páirtithe déileáil leis an gCoimisiún Caidrimh Oibreachais le breithniú a dhéanamh ar an raon iomlán ceisteanna  atá ag croílár na diospóide  le súil gníomh tionscail a sheachaint.  Tá iarrtha ag NIB iad a thabhairt cothrom le dáta go rialta ag LRC ar dhul chun cinn na n-idirbheartaíochtaí.

3 Iúil

2009