Muinín a athbhunú i mbaincéireacht

Phléigh an Rialtas inniu réimse saincheisteanna maidir leis an tábhacht atá ann córas baincéireachta a fheidhmíonn mar is ceart a athbhunú, lena n-áirítear an riachtanas soiléir atá ann ceachtanna a fhoghlaim ó na himeachtaí a chruthaigh na fadhbanna reatha.

Tabharfaidh an tAire Airgeadais creat oibre chun cinn chuig cruinniú Rialtais na seachtaine seo chugainn i bhfianaise phlé an lae inniu chun freastal ar na saincheisteanna sin. Déanfaidh an Rialtas i nDáil Éireann a sheasamh a shoiléiriú ar an gcur chuige cuí a ghlacfar chun fiosrú a dhéanamh ar thosach na géarchéime baincéireachta sa chomhthéacs sin.

Críoch

13 Eanáir 2010