Cáineann an Taoiseach an tIonsaí ar Oifigeach PSNI i gCo. Aontroma
Cháin an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain T.D., go láidir an t-ionsaí buamála cairr a tharla ar maidin a bhí dírithe ar Oifigeach PSNI i gCo. Aontroma.
Chásaigh sé leis an oifigeach a gortaíodh, agus lena chlann agus lena chomhghleacaithe sa PSNI.
Dúirt an Taoiseach:
“Ba ghníomh foréigeanach gan chiall a bhí san ionsaí seo.
Tá sé léirithe go soiléir ag muintir na hÉireann go bhfuil siad ag iarraidh síochán agus oibriú tríd an bpróiseas daonlathach.
Is ionsaí ar gach duine sa tír é an íonsaí coiriúil seo a rinne mionlach beag.
Ní éireoidh leo cur isteach ar shlí na síochána ar an oileán seo.
Tá súil agam go bhfeicfidh mé an dlí á chur go luath ar lucht déanta an chionta úafasaigh seo.
Críoch
8 Eanáir 2010