Casann an Rialtas le ICTU
Chas an Taoiseach, Brian Cowen, T.D., Uasal, an t-Aire Airgeadais, Brian Lenihan, T.D., Uasal agus an t-Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, John Gormley T.D., Uasal le hOifigigh Chomhar Ceardchumann na hÉireann an tráthnóna seo. Ba é cuspóir an chruinnithe, a reachtáladh ar cuireadh ón Taoiseach, ná na coinníollacha cuí agus na coinníollacha d’fhéadfadh a bheith ann do rannpháirtíocht athnuaite idir ceardchumainn agus bainistíocht na Seirbhíse Poiblí a fhiosrú maidir le clár oibre cuimsitheach a fhorbairt d’athchóiriú seirbhísí poiblí agus creat oibre do chinneadh pá na Seirbhíse Poiblí.
Ag cur le pléití an tráthnóna bhí an tiomantas roinnte chun Seirbhís Poiblí fuinniúil a chothabháil a chuirfeadh le hathnuachan agus téarnamh eacnamaíochta inbhuanaithe agus dul chun cinn sóisialta, agus mar ábhar práinne comhaontaíodh go dtabharfadh an dá thaobh cuireadh do Kieran Mulvey Uasal agus do Kevin Foley Uasal ón gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais feidhmiú mar éascaitheoirí chun tabhairt faoi phléití tosaigh le bainistíocht agus ceardchumainn na Seirbhíse Poiblí. Cé gur ceapadh iad i gcáil phearsanta, bainfidh na héascaitheoirí úsáid as acmhainní an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais chun tacú lena gcuid oibre.
Comhaontaíodh gur chóir do na héascaitheoirí an Rialtas agus an ICTU a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn stiúrtha na bpléití leis na páirtithe, agus é mar chuspóir an próiseas éascaithe seo a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir.
11 Márta, 2010
Críoch