Casann an Taoiseach le Ceannairí Polaitíochta agus le Pobal na hÉireann i Chicago, Illinois
13/03/10
Tá an Taoiseach, Brian Cowen TD, Uasal i Chicago inniu, Dé Sathairn, agus casfaidh sé le ceannairí an phobail Éireannaigh ansin, chomh maith le ceannairí polaíochta as Illinois.
Aréir, Dé hAoine, bhí an Taoiseach mar aoi speisialta ag dinnéar an Irish Fellowship Clubof Chicago, a d’fhreastail tuairim is 1000 duine air.
Ina óráid, labhair an Taoiseach faoin méid oibre a rinne na hÉireannaigh i Chicago agus, dúirt sé go raibh sé ag tnúth le caidreamh dlúth idir Éire agus a diaspora.
Leag sé béim freisin ar thaitneamhachtaí na hÉireann mar thír chun infheistíocht a dhéanamh inti nó cuairt a thabhairt uirthi.
Chas sé chomh maith le comhaltaí ceantair Chicago den Líonra Domhanda Éireannach, a bunaíodh anuraidh.
In éineacht leis an Taoiseach bhí Ambasadóir na hÉireann chun na Stát Aontaithe agus Consal-Ginearál na hÉireann i Chicago.
Bhí daoine mór le rá Gael-Mheiriceánacha i láthair ag an dinnéar chomh maith, ina measc an Cairdinéal George of Chicago, Gobharnóir Illinois Pat Quinn, Méara Chicago Richard M Daley agus Seanadóir Richard J Durbin.
Níos déanaí inniu freastalóidh an Taoiseach ar Aifreann i St Patrick's Cathedral agus ansin siúlfaidh sé i bparáid Lá Fhéile Pádraig.
De réir traidisiúin, cuirfear dath glas ar an uisce in abhainn Chicago i gcomhair an lae.
CRÍOCH