Ráiteas ón Taoiseach, Brian Cowen TD Uasal, Dé Máirt 23ú Feabhra 2010.
D’fhógair an Taoiseach gur ghlac sé (an tráthnóna seo) le scor Trevor Sargent TD Uasal as Aire Stáit sna Ranna Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia agus Sláinte agus Leanaí.
Agus é ag glacadh le scor an Uasail Sargent dúirt an Taoiseach:
“Fuair mé litir scoir an Teachta Dála Sargent agus glacaim leis go drogallach sna himthosca seo.
Bhí Trevor Sargent ina chomhalta an-chuiditheach agus dearfach ar fhoireann an Rialtais. Léirigh sé sártiomantas i leith a phoist agus d’oibrigh sé go maith i gcónaí lena chomhghleacaithe sa Roinn Talmhaíochta, Iascaigh & Bia.
Tá a fhios agam gur chomhlíon Trevor a chuid freagrachtaí go dlúth sa Roinn agus is féidir leis a bheith sásta gur chuir an t-am a chaith sé sa Roinn go mór lena chuid cuspóirí a chur chun cinn.
Tugaim aird ar leith ar an ról dearfach a bhí ag Trevor agus é ag tacú le déanamh an Rialtais i 2007 agus táim ag tnúth lena rannpháirtíocht leanúnach san obair a bhfuil an dá pháirtí tiomanta dó - ár gClár Athnuaite don Rialtas a chur i bhfeidhm.
Ar leibhéal pearsanta, glacaim go raibh sé de rún ag Trevor gníomhú de mheon macánta, mar atá leagtha amach sa ráiteas a thug sé don Teach agus guím gach rath air don todhchaí”.