Ráiteas ón Taoiseach, an tUasal Brian Cowen TD

Tá dobhrón orm a chloisteáil faoi bhás Rory Brady SC, Uasal.

Bhí sé mar onóir agam a bheith ag fónamh sa Rialtas i dteannta Rory le linn a thréimhse mar Ard-Aighne.

Bhí Rory Brady ar cheann de na habhcóidí is fearr agus is cumasaí lena linn.

Bhí intinn mheabhrach agus ghéar aige agus bhí sé thar a bheith cumasach agus é ag déileáil leis na saincheisteanna dlí is casta.

Bhí tuiscint ar leith aige ar pholaitíocht agus bhí tiomantas dáiríre aige i leith na seirbhíse poiblí.

Bhí muintir Rory Brady sáite i bpolaitíocht phoblachtach agus bhí Rory, lena linn, ina thacadóir láidir d’Fhianna Fáil.

Bhí a chuid tuairimí agus a chríonnacht an-luachmhar agus mar thairbhe ollmhór do cheannairí Fhianna Fáil a tháinig ina dhiaidh sin, Albert Reynolds, Bertie Ahern agus mé féin ina measc.

Mar Ard-Aighne, is mór an méid a chuir Rory Brady leis an Rialtas ina raibh sé ag fónamh.

Ba aturnae nuálach agus praiticiúil a bhí ann, a ndeachaigh i mbun a chuid dualgas le meon láidir dúthrachta agus díograise.

Bhí a chuid comhairle éirimiúil, eolasach agus soiléir i gcónaí. Bhí cáil mhaith air mar oibrí an-díograiseach.

Bhí go leor buanna aige chomh maith le héirimiúlacht forleathan ach bhí sé ina fear uasal cneasta i gcónaí.

Bhí pearsantacht tarraingteach ag Rory agus bhí an-chion agus meas láidir ag a chuid comhghleacaithe comh-aireachta air.

Aireoidh muid uainn é go mór. Cásaím a bhás lena bhean chéile Siobhán agus lena bheirt iníonacha Meadhbh agus Aoife. Ar dheis Dé go raibh a anam dhílis.

19/7/10