Ráiteas an Taoisigh agus Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann
D’eisigh an Príomh-Aire agus an Taoiseach an ráiteas seo a leanas i ndiaidh a gcruinnithe i Sráid Downing inniu.
“Nuair a chasamar ar a chéile an 17 Nollaig, dúramar gur cheideamar go raibh críochnú luath chineachadh na gcumhachtaí póilíneachta agus córa chuig Comhthionól Thuaisceart na hÉireann réalaíoch agus inbhainte amach agus go bhféadfadh na páirtithe teacht ar réiteach do na saincheisteanna atá gan réiteach.
In ainneoin na n-imeachtaí suaite le roinnt laethanta anuas, táimid fós den dearcadh sin.
Failtímid roimh an rannpháirteacht atá ag tarlú idir pháirtithe agus táimid ar fáil, más gá, chun cabhrú leis na díospóireachtaí sin a thabhairt chun críche rathúil.
Beidh ról ríthábhachtach i dtabhairt chun críche cineachadh na gcumhachtaí póilíneachta agus córa chun cobhsaíocht Fheidhmeannas agus Chomhthionól Thuaisceart Éireann a chinntiú, mar bhonn taca ag an dul chun cinn a bhí deacair le fáil ach a baineadh amach le roinnt blianta anuas. Meabhraítear dúinn leis na gníomhartha díchoimisiúnaithe le gairid, Cumann Cosanta Uladh (UDA) is déanaí a rinne amhlaigh, na buntaistí móra a thagann as an bpróiseas síochána.
Ar an gcaoi chéanna, is meabhrúchán é an t-ionsaí oilc a rinneadh ar Chonstábla an PSNI Peadar Heffron Dé hAoine seo caite go bhfuil daoine ann fós a bhfuil sé d’aidhm acu an méid atá bainte amach a scriosadh.
Is í an fhreagairt is fearr is féidir a thabhairt do dhaoine mar sin ná cineachadh na gcumhachtaí póilíneachta agus córa a thabhairt chun críche, ag daingniú cobhsaíochta an chineachaidh agus ag léiriú go bhfuil na forais pholaitiúla dhaonlathacha ag seachadadh do mhuintir Thuaisceart Éireann ar fad.
Tá Comhaontú Aoine an Chéasta agus Comhaontú St. Andrew mar theimpléid do dhul chun cinn i dTuaisceart Éireann agus táimid tiomanta iad a chomhlíonadh agus a chur i bhfeidhm.
Leanfaidh an dá Rialtas ag spreagadh, agus ag obair leis na páirtithe chun réiteach luath a fháil ar na saincheisteanna atá gan réiteach.
Beimid i dteagmháil go dlúth sna laethanta amach romhainn agus beimid ar fáil chun níos mó páirte a ghlacadh mar a bhíonn gá leis. ”
CRÍOCH