Teachtaireacht Fáilte

Brian Ó Comhain

Cúis áthais dom fáiltiú romhat chuig láithreán gréasáin Roinn an Taoisigh. Creidim go mbraithfidh tú go bhfuil a bhfuil ann agus na hiliomaid nasc an-spéisiúil.

Is é príomhról mo Roinne ná tacú liom agus comhairle a thabhairt dom mar Thaoiseach agus mé i mbun dualgais éagsula m'oifige a chomhlíonadh. Déanann an Roinn thairis sin tacaíocht riaracháin a sholáthar do Phríomh-Aoire an Rialtais i leith a chuid dualgas agus An Rúnaíocht a sholáthar don Rialtas. Tá ról lárnach ag an Roinn i dtaca le gníomhú mar nasc idir an tUachtarán, an Taoiseach agus Ranna Rialtais eile.

Tá an Roinn, thairis sin, gafa le raon ollmhór réimsí amhail forbairt agus comheagrú polasaí i ndáil le Forbairt Eacnamaíochta agus Sóisialta, Tuaisceart Éireann agus an tAontas Eorpach, chomh maith le hAthrú san Earnáil Phoiblí agus Athleasú an Oireachtais. Chomh maith leis sin, comheagraíonn sí feidhmeannais Stáit amhail an Lá Cuimhneacháin Náisiúnta bliantúil, oirnithe Uachtaránachta, Dinnéir Stáit agus cuireann sí seirbhís phrótacail ar fáil don Taoiseach a bhíonn ann in aon am áirithe.

Gheobhaidh tú raon ollmhór eolais ar an láithreán seo maidir leis na feidhmeanna sin agus maidir le nithe eile ar díol spéise i gcoitinne iad. Spreagfainn tú freisin le teacht ar phríomh-láithreán gréasáin an Rialtais mar a dtig leat tuilleadh eolais a fháil faoi Ranna Rialtais eile agus faoi Ghníomhaireachtaí eile.

Le gach dea-ghuí.

Brian Ó Comhain, T.D.,

Taoiseach.