Uimh. 15 de 2005 - An tAcht um Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste (Coinbhinsiún Cape Town), 2005

Cad a dhéanann an dlí seo?

Déanann an tAcht seo cuid de dhlí na hÉireann de Choinbhinsiún Cape Town agus den Phrótacal Aerárthaí a ghabhann leis. Soláthraíonn an Coinbhinsiún seo creat reachtúil aonfhoirmeach idirnáisiúnta chun maoiniú sócmhainn-bhunaithe aerárthaí a éascú. Trí urrús níos mó a sholáthar d’iasachtóirí, beidh sé níos éasca, agus is dócha níos saoire, d’aerlínte airgead a fháil d’aerárthaí nua ag a mbeidh feidhmíocht fheabhsaithe sábháilteachta agus comhshaoil.

Roinn Teagmhála: An Roinn Iompair

Sínithe ag an Uachtaránan: 09/07/2005