Uimh. 16 de 2005 - An tAcht Toghcháin (Leasú), 2005

Cad a dhéanann an dlí seo?

Is é príomhchuspóir an Achta seo ná athmheas a dhéanamh ar na Dáilcheantair i bhfianaise Dhaonáireamh 2002 agus, sa chomhthéacs sin, na moltaí atá i dTuarascáil an Choimisiúin Toghlaigh ar Dháilcheantair 2004 a chur i bhfeidhm. Bunaíodh an Coimisiún faoi Chuid II den Acht Toghcháin 1997 (Uimh. 25 de 1997) chun tuairisciú ar na toghlaigh chun comhaltaí a thoghadh chuig Dáil Éireann agus chuig Parlaimint na hEorpa; bhain a thuarascáil i 2003 le toghlaigh Pharlaimint na hEorpa. Tugann an tAcht aghaidh freisin ar cheist a tháinig chun cinn i ndáil le sainmhíniú ar chaiteachais toghcháin chun críocha an Achta Toghcháin 1997.

Roinn Teagmhála: An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil

Sínithe ag an Uachtaránan: 09/07/2005