Uimh. 18 de 2005 - Acht Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú), 2004

Cad a dhéanann an dlí seo?

Is é príomhchuspóir an Bhille seo ná Acht Rialaithe na Státseirbhíse 1956 a leasú ionas go bhféadfadh éifeacht a bheith le forálacha áirithe atá san Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997.

Thug an tAcht um Bainistíocht an Seirbhíse Poiblí creat forleathan de chleachtais bhainistíochta nua-aimseartha isteach sa Státseirbhís. Chruthaigh an tAcht creat inar tugadh, faoi réir ag Acht Rialaithe na Státseirbhíse 1956, freagracht bhainistíochta, lena n-áirítear cumhachtaí chun daoine a dhífhostú, i gcás foirne faoi leibhéal Phríomhoifigigh d’Ard-Rúnaithe.Samhlaíonn an tAcht um Bainistíocht an Seirbhíse Poiblí freisin go bhféadfadh Ard-Rúnaithe feidhmeanna pearsanra, seachas dífhostú, a tharmligean chuig státseirbhísigh sinsearacha. Ach tá feidhmiú praiticiúil na gcumhachtaí agus na bhfeidhmeanna sin, áfach, srianta ag Acht Rialaithe na Státseirbhíse 1956, a fhágann formhór na bhfeidhmeanna araíonachta ag Airí. Cuirfidh an Bille seo deireadh leis an srianta sin.

Tríd is tríd, beidh gach Ard-Rúnaí nó Ceann Oifige Sceidealta freagrach, de bhua a bheith ina “údarás cuí”, as gach ní a bhaineann le ceapacháin, feidhmíocht, araíonacht agus dífhostú státseirbhíseach fao i leibhéal Príomhoifigigh a bhainistiú. Is iad gach Aire a bheidh mar údarás cuí do státseirbhísigh ag leibhéal Príomhoifigigh agus os a chionn. Leasaíonn an Bille, mar atá sé foilsithe, Achtanna éagsúla chun na hathruithe Bhainistiú Acmhainní Daonna (HRM) seo a leanas a thabhairt isteach:

  • tabharfar státseirbhísigh (mar shealbhóirí oifige), seachas iadsan a bhíonn dífhostaithe ag an Rialtas, laistigh de  scóip na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach;
  • tabharfar státseirbhísigh (mar shealbhóirí oifige) laistigh de scóip na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta;
  • féadfar gníomh araíonachta a ghlacadh i gcásanna tearcfheidhmíochta;
  • beidh aon fhionraí ag feitheamh ar imscrúdú araíonacha a thabhairt chun críche ina fhionraí le lánphá;
  • leathnófar an raon smachtbhannaí araíonachta chun fionraí gan phá a chur san áireamh;
  • féadfar daoine os cionn 65 bliana d’aois a fhostú mar státseirbhísigh.

Roinn Teagmhála: An Roinn Airgeadais

Sínithe ag an Uachtaránan: 09/07/2005