Uimh. 19 de 2005 - An tAcht um Chlárú Sibhialta (Leasú), 2004

Cad a dhéanann an dlí seo?

Forálann an tAcht seo do leasú ar an Acht um Chlárú Sibhialta 2004, chun íocaíocht leanúnach táillí agus liúntais sonraithe a cheadú le cláraitheoirí breitheanna, básanna agus póstaí, ar cláraitheoirí iad nach bhfuil fostaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus le daoine atá fostaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach bhfuil sannta mar chláraitheoirí ar bhonn lánaimseartha chuig oifig Maor-Chláraitheora. Ar thosach feidhme an Achta um Chlárú Sibhialta 2004 (seachas codanna 1 agus 2), déanfar na forálacha atá cheanna ann d’íocaíocht táillí agus liúntais le cláraitheoirí a aisghairm.

Roinn Teagmhála: An Roinn Sláinte agus Leanaí

Sínithe ag an Uachtaránan: 09/07/2005