Uimh 1 de 2004 - An tAcht Inimirce, 2004

Cad a dhéanann an dlí seo:

Léiríonn an dlí nua i reacht bunaidh na príomh-mhíreanna den dlí a rialaíonn teacht isteach agus láithreacht daoine nach náisiúnaigh iad sa Stát.

Is é cur chuige an Achta ná a bhfuil i bhforálacha Orduithe na nEachtrannach ar na ndéanamh faoi Acht na nEachtrannach 1935 amhail mar a bhí siad an 22 Eanáir 2004 a léiriú i reacht bunaidh leis an líon íosta athruithe agus forálacha breise a bhíonn riachtanach chun forálacha iontu féin a chruthú a bheidh i gcomhréir leis an gcleachtas reachtúil nua-aoiseach.

Tá gá leis an Acht mar, ar an 22 Eanáir, scrios an Ard-Chúirt amach mar mí bhunreachtúil alt 2 den Acht Inimirce 1999, a ceapadh a thug éifeacht reachtúil d'Oird na nEachtrannach amhail is go mba Achtanna Oireachtais iad. Is iad príomhghnéithe an Achta ná:

  • Forálacha a leagann amach i bprionsabal na himthosca nach mbíonn daoine nach náisiúnaigh iad sa Stát go dlíthiúil;
  • Ceanglais ar dhaoine nach náisiúnaigh iad dul i láthair oifigigh inimirce ar a theacht isteach sa Stát dóibh;
  • Critéir lenar féidir le hoifigeach inimirce cead a dhiúltú do dhuine nach náisiúnach é nó í teacht isteach sa Stát. An ceanglas ar dhaoine nach náisiúnaigh iad clárú leis an nGarda Síochána;
  • Cláir óstáin a choimeád;
  • Cionta agus cumhachtaí gabhála agus cuardaigh;
  • Cumhachtaí lena chinneadh cé na daoine nach náisiúnaigh iad ba chóir a bheith faoi réir a gceanglais víosa roimh theacht isteach sa Stát;
  • An chumhacht rialacháin a dhéanamh chun táillí a ghearradh ar eisiúint dhoiciméid áirithe dá bhforáiltear faoin Acht.

Tá forálacha speisialta san Acht chun feidhmiú ag náisiúnaigh EEA agus a dteaghlaigh ar a gcearta Conarthade shaor ghluaiseacht a chur san áireamh agus na forálacha speisialta maidir le teacht isteach sa Stát d'iarrthóirí tearmainn atá in Acht na nDí deanaithe 1996 a chur san áireamh.

Roinn Teagmhála:An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

Sínithe ag an Uachtarán an: 13.02.04