Uimh. 1 de 2006 - Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú)
Cad a dhéanann an dlí seo?
Is é cuspóir an Achta seo ná leasú a dhéanamh ar alt 3 d’Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe, 1929, a cheangail ar iarrthóirí a bhí le ceapadh chuig oifigí nó poist in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bheith inniúil sa Ghaeilge. Cuireann an tAcht oibleagáid a chinntiú go bhforálfaidh ceann de phríomhaidhmeanna gach plean forbartha straitéiseach de chuid na hOllscoile d’oideachas trí mheán a Gaeilge a chur ar fáil, in áit an cheanglais sin.Cuireann sé d’oibleagáid ar Uachtarán agus Údarás Ceannais na hOllscoile a chinntiú go gcuirtear an aidhm sin i bhfeidhm.
Roinn Teagmhála: An Roinn Oideachais
Sínithe ag an Uachtaránan: 23 Feabhra 2006