Uimh. 20 de 2005 - Acht an Gharda Síochána

Cad a dhéanann an dlí seo?

Is é cuspóir an Achta seo:

(i) athchóiriú a dhéanamh ar an struchtúr reachtúil do bhainistíocht an Gharda Síochána, go háirithe trí ról agus cuspóirí an Fhórsa a shoiléiriú agus sainmhíniú a thabhairt ar a ghaol le hAire an lae agus le Rialtas an lae;

(ii) foráil do Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána a bhunú, arb í an phríomhfheidhm a bheidh aici ná imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a dhéanann daoine den phobal i gcoinne an Gharda Síochána;

(iii) foráil do Chigireacht an Gharda Síochána a bhunú, chun comhairle a thabhairt don Aire i ndáil le héifeachtacht agus éifeachtúlacht oibriú agus riaradh an Gharda Síochána;

(iv) foráil do nósanna imeachta nua i ndáil le:

  • cuntasacht chomhaltaí den Gharda Síochána i gcomhlíonadh a ndualgas oifigiúil
  • dulgas Choimisinéara an Ghrda Síochána faisnéis a chuntasú agus a sholáthar don Rialtas, agus
  • dífhostú achomair chéimeanna áirithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána.

Forálann an tAcht freisin do bhearta nua i ndáil le Comhchoistí Póilíneachta a bhunú, bunús reachtúil do Chórais CCTV Garda agus Pobalbhunaithe, forálacha d’fheidhmiú cumhachtaí speisialta ag oifigigh slándála príobháidí ag foirgnimh agus oifigí Stáit agus rialacháin a dhéanamh maidir le héilliú agus míchleachtas sa Gharda Síochána a thuairisciú.

Roinn Teagmhála: An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

Sínithe ag an Uachtaránan:10/07/2005