Uimh. 21 de 2005 - An tAcht um Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin
Cad a dhéanann an dlí seo?
Is é cuspóir an Achta seo ná Gníomhaireacht a bhunú arb é a feidhm, sa chéad ásc, scéim phleanála straitéisí a ullmhú do láthair Ghráinseach Ghormáin. Caithfidh an plean foráil do riachtanais Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Aire Oideachais agus Eolaíochta, an Aire Sláinte agus Leanaí, an phobail áitiúil agus na cathrach. Ionchorpraíonn an tAcht foráil do chomhchomhairle forleathan le gach páirtí leasmhar. Áirítear orthu sin comhlachtaí acadúla agus mac léinn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir, Bord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt, an tAire Oideachais agus Eolaícohta, an tAire Sláinte agus Leanaí, cónaitheoirí áitiúla agus an fhoireann agus na hothair chúram sláinte atá suite ar an láthair nó in aice leis an láthair. Beidh inchur mór ag an Roinn Iompair freisin mar gheall ar cheanglais iompair phoiblí an láithreáin forbartha.
Roinn Teagmhála: An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Sínithe ag an Uachtaránan: 11/07/2005