Uimh. 22 de 2005 - An tAcht um Chleachtadh Tréidliachta

Cad a dhéanann an dlí seo?

Is é cuspóir príomha an Achta seo ná rialacháin na gairme tréidliachta a thabhairt go hiomlán cothrom le dáta ag cur an iliomad forbairtí sa timpeallacht ina n-oibríonn an ghairm ó achtaíodh an reachtaíocht bhunaidh i 1931 san áireamh.

Forálann an tAcht, go háirithe, den chéad uair, do shainmhíniú ar chleachtas tréidliachta agus d’aitheantas reachtúil d’altraí tréidliachta. Forálann an tAcht freisin d’fhorbairt leanúnach ghairmiúil, féidearthachtaí cláraithe níos leithne, aitheantas do shainiúlacht, creidiúnú cleachtais agus oiriúnacht níos trédhearcaí i leith nósanna imeachta cleachtais agus smachtbhannaí cionmhara. Foráiltear freisin san Acht do chomhaltas níos leithne ar an gComhairle Tréidlianna chun leasanna ar nós oideachas, tomhaltóirí agus sábháilteacht bia  a léiriú.

Roinn Teagmhála: An Roinn Talmhaíochta agus Bia

Sínithe ag an Uachtaránan: 12/07/2005