Uimh. 24 de 2005 - An tAcht Talún

Cad a dhéanann an dlí seo?

Baineann na nithe a ndéileáiltear leo san Acht Talún, 2005, go príomha le bliantachtaí ceannaigh talún/bliantachtaí míntírithe talún.  Forálann an tAcht do bhliantachtaí beaga (níos lú ná €200 sa bhliain) a dhíscríobh mar aon le scéim chun méideanna níos mó ná €200 sa bhliain a cheannach amach, rud atá dírithe ar bhlianachtóirí a spreagadh leis na fiacha atá orthu a ghlanadh ag lascaine de 25 faoin gcéad faoi réir ag gach riaráiste atá amuigh a íoc ina n-iomláine.  Tugann an tAcht freisin cumhachtaí breise don Aire Talmhaíochta agus Bia féachaint le haon riaráistí bliantachta atá amuigh a ghnóthú.  

Roinn Teagmhála: An Roinn Talmhaíochta agus Bia

Sínithe ag an Uachtaránan: 26/10/2005