Uimh. 26 de 2005 - An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh

Cad a dhéanann an dlí seo?

Is é cuspóir an Achta Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh ná na prionsabail a rialaíonn feidhmiú an Chóid Leasa Shóisialaigh, i ndáil leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, i ndáil le sochair bunaithe ar árachas sóisialach, i ndáil le scéimeanna cúnaimh shóisialaigh agus i ndáil le sochar linbh a sholáthar i ndoiciméad inrochtaine aonair.  Tá forálacha ann freisin is bonn taca do rialú agus feidhmiú na scéimeanna sin, agus roinnt nithe eile a thagann faoi chúram an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. 

Roimh an Acht seo, bhí an reachtaíocht phríomhúil Leasa Sóisialaigh san Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993 agus i 26 achtachán eile.  

Roinn Teagmhála: An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh

Sínithe ag an Uachtaránan: 27/11/2005