Uimh. 27 de 2005 - An tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh
Cad a dhéanann an dlí seo?
Forálann an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2005, a shínigh an tUachtarán an 30ú Samhain, do chóras clárúcháin reachtúil a bhunú do ghairmithe sláinte agus cúraim shóisialaigh áirithe. Tá bunú an chórais chlárúcháin reachtúil seo bunriachtanach chun cuspóirí cáilíochta agus cuntasachta na Straitéise Sláinte a thabhairt i gcrích. Cinnteoidh sé go mbeidh daoine den phobal treoraithe, cosanta agus curtha ar an eolas, ionas go bhféadfaidh siad a bheith muiníneach go mbíonn na gairmithe sláinte agus cúraim shóisialaigh a sholáthraíonn seirbhísí cáilithe, inniúil agus feidhmiúil chun cleachtadh. Tá an córas rialála ag tógáil ar thaithí Chomhairle na nDochtúirí Leighis agus an Bhoird Altranais agus cinnteoidh sé mbeidh iompar gairmiúil ann agus go ndéanfar caighdeáin arda oideachais ghairmiúil agus oiliúna gairmiúla a chothabháil i measc gairmithe sláinte agus cúraim shóisialaigh.
Roinn Teagmhála: An Roinn Sláinte agus Leanaí
Sínithe ag an Uachtaránan: 30/11/2005