Uimh. 29 de 2005 - An tAcht Leithreasa
Cad a dhéanann an dlí seo?
Is é príomhchuspóir an Achta Leithreasa, 2005, ná údarás reachtúil a thabhairt do na méideanna a vótáil an Dáil i rith na bliana sna meastacháin (idir bhunaidh agus fhorlíontacha) caiteachais do Ranna Rialtais agus dá ngníomhaireachtaí agus freisin ceadú a thabhairt do chaiteachas fáltas ar sheirbhísí a sholáthair siad.
Forálann sé freisin do na nithe seo:
- méideanna caipitiúla neamhchaite den Státchiste ag Ranna áirithe a thabhairt ar aghaidh ó 2005 go dtí 2006 go dtí teorainn de 10% dá Vóta
- iarchur an spriocdháta deireadh bliana do na Rúin Airgeadais a ritheadh Lá an Bhuiséid, agus
- dleachtanna máil áirithe toibhithe ar tháirgí tobac a leithreasú chuig Vóta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ón 1 Eanáir 2006 seachas chuig Vóta an Aire Sláinte agus Leanaí faoi mar a bhí faoin Acht Leithreasa, 1999.
Roinn Teagmhála: An Roinn Airgeadais
Sínithe ag an Uachtaránan: 16/12/2005