Uimh. 30 de 2005 - An tAcht Leasa Shóisialaigh
Cad a dhéanann an dlí seo?
Is é príomhchuspóir an Achta Leasa Shóisialaigh, 2005 ná foráil do mhéaduithe Buiséid sna rátaí íocaíochtaí árachais shóisialaigh agus cúnaimh shóisialaigh agus d’fheabhsúcháin sna scéimeanna d’Fhorlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh, do Shochar Máithreachais agus Uchtaíoch agus do Liúntas Leasa Forlíontach.
Forálann sé freisin do mhéadú sa teorainn tuillimh sheachtainiúil nach mbíonn ÁSPC iníoctha faoin teorainn sin, méadú san uasteorainn ioncaim nach mbíonn ranníocaí ÁSPC iníoctha ag ranníocóirí fostaithe nó roghnacha os cionn na huasteorann sin, chomh maith le hathruithe san Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979 chun foráil do mhéadú sna tairseacha díolúine seachtainiúla agus bliantúla don Tobhach Ranníoca Sláinte.
Roinn Teagmhála: An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
Sínithe ag an Uachtaránan: 16/12/2005