Uimh. 31 de 2005 - An tAcht um Shábháilteacht Iarnróid
Cad a dhéanann an dlí seo?
Baineann an tAcht um Shábháilteacht Iarnróid, 2005 le hIarnród Éireann, Luas, iarnróid oidhreachta agus aon iarnróid chomhchosúla a thógfar amach anseo, lena n-áirítear iarnróid faoi thalamh.
Faoin Acht, tá freagracht ar an gCoimisiún Sábháilteachta Iarnróid, a bunaíodh an 1 Eanáir, 2006, as sábháilteacht iarnróid a rialáil in Éirinn. Tá aonad imscrúdaithe timpistí iarnróid bunaithe agus tá an chumhacht aige aon timpiste iarnróid a imscrúdú. Forálann an tAcht do raon cionta indíotáilte maidir le sábháilteacht iarnróid a chur i gcontúirt. Tá an tAcht nuálach a mhéid go soláthraíonn sé creat chun oibrithe iarnróid atá tábhachtach don tsábháilteacht a thástáil d’úsáid mheisceach.
Roinn Teagmhála: An Roinn Iompair
Sínithe ag an Uachtaránan: 18/12/2005