Uimh 34 de 2004 - An Bille um Cheartas Coiriúil 2004

Cad a dhéanann an dlí seo?

Is é príomhchuspóir an Achta Deochanna Meisciúla 2004 ná chun an tAcht Deochanna Meisciúla 1988 a leasú chun bunús soiléir reachtúil a sholáthar chun imeachtaí saor ó dheochanna meisciúla a thionól do dhaoine faoi 18 mbliana d’aois in áitreabh ceadúnaithe (m.sh. club oíche), nó i gcuid d’áitreabh ceadúnaithe (m.sh. seomra ócáide in óstán), ag tráth nach mbíonn deochanna meisciúla á ndíol, á soláthar nó á n-ól ann agus go mbíonn rochtain fhisiciúil ar dheochanna meisciúla faoi chosc daingean.  

Forálann an tAcht freisin go ndéanfar an teorainn 9.00 p.m. do dhaoine faoi 18 mbliana d’aois a bheith i mbeár áitreabh ceadúnaithe a fhadú go dtí 10.00 p.m. i rith na tréimhse ón 1 Bealtaine go dtí 30 Meán Fómhair.

Roinn Teagmhála: An Roinn Dlí agus Cirt

Sínithe ag an Uachtaránan: 15.10.04