Uimh 37 de 2004 - Bille Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú) 2004

Cad a dhéanann an dlí seo?

Soláthraíonn an tAcht nua seo an creat dlíthiúil do chomhaltas na hÉireann i mBanc Forbartha Chomhairle na hEorpa. Forálann an tAcht freisin do na híocaíochtaí riachtanacha i dtreo chostas chomhaltas na hÉireann sa Bhanc. Is é Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa an foras airgeadais idirnáisiúnta is sine san Eoraip agus is é an t-aon cheann é a bhfuil réimse freagrachta aige atá go hiomlán sóisialta. Deonaíonn an Banc iasachtaí agus ráthaíochtaí dá bhallstáit, d’údaráis áitiúla agus d’fhorais airgeadais chun maoiniú a dhéanamh ar thionscadail sóisialta i réimsí atá sainmhínithe go soiléir, a bhaineann den chuid is mó le dídeanaithe agus imircigh, tubaistí nádúrtha nó éiceolaíocha, agus feabhsúchán ar chomhchuibheas sóisialta trí thacaíochtaí poist d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (SMEanna), gairmoideachas, tithíocht shóisialta, sláinte agus oideachas. Maoiníonn an Banc a ghníomhaíochtaí trí chistí a bhailítear ar na margaí airgeadais idirnáisiúnta, bunaithe ar ranníocaí na mballstát chuig caipeatal an bhainc. Is é an Banc ionstraim airgeadais an pholasaí dlúthpháirtíochta atá forbartha ag Comhairle na hEorpa.  Is léiriú luachmhar é comhaltas na hÉireann dá bhrí sin dár dtiomantas don dlúthpháirtíocht sin agus do chomhchuibheas sóisialta san Eoraip i gcoitinne.

Roinn Teagmhála: An Roinn Airgeadais

Sínithe ag an Uachtaránan: 27.11.04