Uimh 38 de 2004 - Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 2004 Acht
Cad a dhéanann an dlí seo?
Tar éis an reifrinn a bhí ann i mí an Mheithimh 2004, leagtar amach creat san Acht seo faoina bhféadfar teideal daoine a bheirtear in oileán na hÉireann do thuismitheoir neamhnáisiúnach ar shaoránacht Éireannach a chinneadh.
Foráiltear leis an Acht nach mbeidh leanbh a bheirtear ar oileán na hÉireann do thuismitheoirí, nach Éireannach ceachtar acu, i dteideal bheith ina shaoránach nó ina saoránach Éireannach mura rud é go raibh duine de na tuismitheoirí ina gcónaí go dleathach in oileán na hÉireann ar feadh 3 de na 4 bliana díreach roimh an bhreith.
Roinn Teagmhála: An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
Sínithe ag an Uachtaránan: 15.12.04