Uimh. 3 de 2006 - An tAcht um Bord Leigheasra na hÉireann (Forálacha Ilghnéitheacha)
Cad a dhéanann an dlí seo?
Leasaíonn an tAcht seo roinnt Achtanna:
- An tAcht um Bord Leigheasra na hÉireann, 1995
- An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977
- An tAcht um Rialú Trialacha Cliniciúla, 1987
- An tAcht Sláinte, 1947
- An tAcht Sláinte, 1970
- An tAcht Sláinte, (Leasú), 1994
- An tAcht um Leigheasanna Ainmhithe, 1993
Déileálann an tAcht go príomha le nithe teicniúla éagsúla a bhaineann le Bord Leigheasra na hÉireann (IMB).Go ginearálta, déanann an tAcht:
- socrú chun feidhmeanna ceadúnaithe áirithe i ndáil le drugaí rialaithe a aistriú ón Roinn Sláinte agus Leanaí go dtí an IMB,
- reachtaíocht na hÉireann maidir le táirgí liachta, táirgí cosmáideacha, táirgí tréidliachta, réamhchógais drugaí agus feistí liachta a thabhairt cothrom le dáta, agus freisin i ndáil le reachtaíocht AE,
- forálacha cumasaithe a thabhairt isteach a cheadóidh d’altraí oideas a ordú ó bheidh reachtaíocht thánaisteach curtha i bhfeidhm,
- foráil do lipéadú ar mhairteoil agus ar fheoil eile ag leibhéal miondíola nó bialainne,
- soiléiriú ar incháilitheacht do scrúduithe déidliachta, éisteachta agus oftailmeacha do gach leanbh, agus leathnaíonn an incháilitheacht sin chuig gach leanbh,
- foráil do ghníomhaíochtaí feabhsaithe oibríochta agus feidhmithe Bhord Leigheasra na hÉireann i ndáil le leigheasra agus rialú trialacha cliniciúla, agus soiléiriú ar an mbonn dlíthiúil i ndáil leis an IMB a bheith ag bailiú táillí leigheasra tréidliachta.
Roinn Teagmhála:
An Roinn Sláinte agus Leanaí
Sínithe ag an Uachtaránan:
4 Márta 2006