Uimh 40 de 2004 - An tAcht Leighreasa 2004
Cad a dhéanann an dlí seo?
Seo dlí bliantúil a thugann údarás reachtúil do na méideanna a ndearna Dáil Éireann vótáil orthu i rith na bliana sna meastacháin bhunaidh, bhreise agus fhorlíontacha. Ritheann an Dáil é nuair a bhíonn measúnú ar na Meastacháin Roinne go léir (lena n-áirítear Meastacháin Fhorlíontacha) curtha i gcrích. De ghnáth, is í seo an chuid dheiridh de ghnó reachtach na bliana.
Foráiltear freisin le hAcht 2004 an caipiteal a thabharfar ar aghaidh ón mbliain 2004 go dtí 2005. I mBuiséad na bliana 2004 tugadh isteach creat infheistíochta chaipitiúil ilbhliantúil 5-bliana. I measc nithe eile, foráiltear leis an gcreat go bhféadfaí caipiteal a sábháladh i mbliain amháin suas go dtí uasmhéid 10 faoin gcéad den leithroinnt a vótáladh a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain eile. Tugadh isteach an t-údarás reachtúil chun é seo a dhéanamh leis an Acht Airgeadais 2004 agus sonraíodh ansin go ndéanfaí na méideanna a áireamh (le vóta) san Acht Leithreasa bliantúil.
Tá foráil theicniúil ar áireamh san Acht chun an sprioc deireadh bliana chun na Rúin Airgeadais a rith oíche an Bhuiséid a chur siar. Tá sé seo ar áireamh gach bliain ó aistríodh an Buiséad ó mhí Eanáir go mí na Nollag.
Roinn Teagmhála: Department of Finance
Sínithe ag an Uachtaránan: 17.12.04