Uimh 4 de 2005 - An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2005
Cad a dhéanann an dlí seo?
Áirítear san Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean foráil:
- do mhéaduithe ar Shochair Leanaí,
- d’fheabhsúcháin ar Shochar Cúramóra agus ar Dheontas Chúraim Scíste Cúramóra,
- d’fheabhsúcháin ar Shochar Míchumais agus ar Liúntas Míchumais,
- d’fheabhsúcháin ar Shochar Díobhála,
- do mhéaduithe sa luach caipitiúil ar a ndéanfar neamhaird chun críche an chuid is mó de na tástálacha acmhainní.
Forálann an tAcht freisin do roinnt leasuithe ar Acht na bPinsean 1990. Tá na leasuithe sin riachtanach chun Treoir 2003/41/EC an AE ar ghníomhaíochtaí agus ar mhaoirseacht na nInstitiúidí do Sholáthar Scoir Gairme a fheidhmiú agus chun moltaí ón mBord Pinsean don Aire de thoradh ar athbhreithniú an Chaighdeáin Mhaoinithe a fheidhmiú.
Ina theannta sin, forálann an tAcht do roinnt leasuithe ilghnéitheacha don Chód Leasa Shóisialaigh agus d’Acht na bPinsean.
Roinn Teagmhála: An Roinn Gnothaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
Sínithe ag an Uachtaránan: 14.03.2005