Uimhir 11 de 2003 - An tAcht Árachais Sláinte (Leasú) 2003
Cad a dhéanann an dlí seo?
Tá dhá phríomhfhoráil ag an Acht seo. Soláthraíonn an chéad fhoráil díolúine leathan ó dhliteanas ar dhamáistí don Údarás Árachais Sláinte. Is é an príomhfhoráil eile a chinntiú gur iontrálaithe nua ar an margadh amháin ar féidir leo an díolúine sealadach ó chothromú fiontar* a fháil. Baineann forálacha eile an Bhille le nósanna imeachta a bheidh i bhfeidhm faoi na socruithe cothromaithe fiontar agus le maoiniú roimh ré do bhunú an Údaráis.
*Is próiseas é an Cothromú Fiontar a bhfuil sé mar aidhm aige difríochtaí i gcostais árachóirí a eascraíonn de bharr athruithe i stádas sláinte a mball a neodrú go cothrom. Ag brath ar mhéid an athraithe, is é an toradh a d'fhéadfadh a bheith ar cothromú fiontar ná aistrithe airgid ó árachóirí le baill fiontair íseal go dtí árachóirí le baill fiontair ard. Tá an fhoráil d'oibriú chothromú fiontar comhchéimneach le polasaí de mhargadh árachais sláinte pobal-rátaithe.
Roinn Teagmhála:An Roinn Sláinte & Leanaí
Sínithe ag an Uachtarán an:16.04.03