Uimhir 12 de 2003 - Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003
Cad a dhéanann an dlí seo?
Is é cuspóir an Achta seo Acht an Bhainc Cheannais, 1942, a leasú d'fhonn Banc Ceannais na hÉireann a atheagrú agus a athainmniú, socrú a dhéanamh maidir le bunú agus feidhmeanna Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann (IFSRA) mar chomhchuid den bhanc sin agus achtanna áirithe eile de dhroim an atheagraithe sin a leasú agus socrú a dhéanamh i dtaobh nithe gaolmhara.
Roinn Teagmhála:An Roinn Airgeadais
Sínithe ag an Uachtarán an:22.04.03