Uimhir 24 de 2002 - Acht an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil (Feidhmeanna Áirithe a Chomhlíonadh), 2002

Cad a dhéanann an dlí seo? 

Tugann an Roinn Rialtais ar a bhfuil freagracht as nithe oidhreachta comhairle  go traidisiúnta d'údaráis áitiúla ar iarratais phleanála d'fhorbairt a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar chaomhnú an nádúir, ar ghnáthóga agus ar an oidhreacht thógtha nó seandálaíochta.Tá cosc sa reachtaíocht phleanála, áfach, ar an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil páirt a ghlacadh sna hiarratais phleanála aonair. Tar éis freagracht as an oidhreacht a aistriú chuig an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil cuireann an tAcht deireadh leis an gcosc, ach ní dhéanann sin ach chomh fada agus a bhaineann le saincheisteanna oidhreachta. Is ann i gcónaí don chosc ginearálta ar an Aire baint a bheith aige nóaici le cásanna pleanála.                  

Roinn Teagmhála: An Roinn Comhshaoil,Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil   

Sínithe ag an Uachtarán an: 03.07.02