Uimhir 26 de 2002 - An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú), 2002
Cad a dhéanann an dlí seo?
Leasaíonn an reachtaíocht seo an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999, ionas go bhféadfaidh Rialtais na hÉireann agus na Breataine cinntí na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas (NSMC), i ndáil leis na sé Chomhlacht Forfheidhmithe uile-oileán, a ghlacadh le chéile i rith fhionraí shealadach, ón 18 Deireadh Fómhair 2002, Thionól Thuaisceart Éireann. Tugtar éifeacht don Chomhaontú Idirnáisiúnta arna dhéanamh le malartú litreacha idir Rialtais na Breataine agus na hÉireann an 19 Samhain 2002.
Roinn Teagmhála: An Roinn Gnóthaí Eachtracha
Sínithe ag an Uachtarán an: 29.11.02