Uimhir 27 de 2002 - Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 2002

Cad a dhéanann an dlí seo? 

Bhí gá leis an reachtaíocht seo chun Acht na gComhphobal Eorpach 1972 a leasú ionas go bhféadfadh codanna áirithe de Chonradh Nice*, a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2003 a bheith mar chuid de dhlí baile an Stáit. Gné bhunúsach de reachtaíocht an Chomhphobail go bhfuil éifeacht dhlíthiúil díreach aici i ngach Ballstát den Aontas Eorpach. Liostaíonn Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, na Conarthaí éagsúla agus achtanna eile a bhfuil éifeacht dlí  díreach acu in Éirinn agus ceadaíonn do rialacháin Forfheidhmithe breise arna ndéanamh ag Airí. Tá an tAcht leasaithe chun tagairt do gach Conradh AE i ndiaidh a chéile roimh dhaingniú an Achta a chur san áireamh.

*Rinne Conradh Nice, a ceadaíodh i reifreann an 19 Deireadh Fómhair 2002, roinnt athruithe teicniúla agus institiúideacha ar an Aontas Eorpach chun ullmhú dá mhéadú.                 

Roinn Teagmhála: An Roinn Gnóthaí Eachtracha 

Sínithe ag an Uachtarán an:  05.12.02