Uimhir 29 de 2002 - An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais d'Fhorbairt Náisiúnta, 2002
Cad a dhéanann an dlí seo?
Forálann an reachtaíocht seo do Ghníomhaireacht Airgeadais d'Fhorbairt Náisiúnta (NDFA) a bhunú. Is iad feidhmeanna an NDFA ná údaráis Stáit a chomhairliú ar na modhanna is fearr chun maoiniú a dhéanamh ar thionscadail infheistíochta poiblí chun luach ar airgead a bhaint amach; chun airleacain airgid a dhéanamh agus chun dul i socruithe airgeadais eile i ndáil le tionscadail arna gceadú ag údaráis Stáit; chun comhairle a sholáthar d'údaráis Stáit ar gach gné d'airgeadas, ath-airgeadú agus árachas thionscadail infheistíochta poiblí a dtugtar fúthu trí shocruithe comhpháirtíochta poiblí/ príobháideach nó laistigh den earnáil phoiblí; agus chun cuideachtaí a dhéanamh (faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais) chun críche airgeadas a dhaingniú do thionscadail infheistíochta poiblí. Déanfaidh an NDFA a fheidhmeanna trí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chiste Náisiúnta.
Roinn Teagmhála:An Roinn Airgeadais
Sínithe ag an Uachtarán an:19.12.02