Uimhir 30 de 2002 - An tAcht um Fhoréigean Baile (Leasú), 2002

Cad a dhéanann an dlí seo? 

Tagann an reachtaíocht seo in ionad alt (4) (3) den Acht um Fhoréigean Baile 1996, a bhaineann le horduithe urchoisc eatramhacha ex parte* a dhéanamh arna rialú ag an gCúirt Uachtarach a bheith míbhunreachtúil. Tá mar choinníoll le halt nua (4) (3) go mbíonn éifeacht le hordú ex parte ar feadh tréimhse nach mó ná ocht lá oibre mura, ar iarratas ag an iarratasóir ar fhógra don fhreagróir, go ndeimhnítear an t-ordú ex parte laistigh den tréimhse sin le hordú cúirte. Chomh maith leis sin, caithfear iarratas ar ordú urchoisc eatramhach a dhéanamh ar mhionnscríbhinn nó ar fhaisnéis faoi mhionn agus, má dhéantar an t-ordú ex parte, caithfear nóta den fhianaise a tugadh mar aon leis an ordú cúirte agus an mhionnscríbhinn nó an fhaisnéis faoi mhionn a sheirbheáil ar an bhfreagróir chomh luath agus is indéanta sin.  

*Is éard is iarratasex parteann, nuair is féidir le páirtí amháin iarratas a dhéanamh ar ordú cúirte tosaigh i gcás práinne, gan fógra a thabhairt don pháirtí eile nó gan an páirtí eile a bheith i láthair.                 

Roinn Teagmhála: An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí   

Sínithe ag an Uachtarán an:19.12.02