Uimhir 32 de 2002 - An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2002
Cad a dhéanann an dlí seo?
Déanann an reachtaíocht seo athruithe ar na bearta soláthair tithíochta atá i gCuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.
Is iad na trí phríomhathruithe ná: an gnáthré 5 bliana a thabhairt ar ais do cheadanna pleanála áirithe a bheadh dulta in éag thairis sin tar éis dhá bhliain mar gheall ar Acht 2000; na slite inar féidir le forbróirí tithe sóisialta agus inacmhainne a sholáthar mar chuid de na forbairtí nua tithíochta a dhéanamh níos solúbtha; cuireadh an ceanglas líon áirithe tithe sóisialta/inacmhainne a sholáthar i bhforbairt nua i bhfeidhm ar láithreáin níos lú. (Laghdaíodh an teorainn ó 0.2 heachtár go dtí 0.1 heachtár).
Rinne an dlí nua seo athruithe freisin ar dhá cheann d'Achtanna na dTithe.
Roinn Teagmhála:An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
Sínithe ag an Uachtarán an:24.12.02