Uimhir 33 de 2002 - An tAcht um an Dlí Reachtúil (Athráiteas), 2002

Cad a dhéanann an dlí seo?

Bronnann an reachtaíocht seo cumhacht ar an Ard-Aighne leaganacha níos inléite de reachtanna a chur ar fáil i bhfoirm phriontáilte nó leictreonach. Is comhdhlúthú riaracháin d'Achtanna áirithe iad na leaganacha cothrom le dáta seo ar a dtabharfar Athráitis agus ní athraíonn siad substaint an dlí. Ullmhaíonn Ranna Rialtais na hAthráitis agus deimhníonn an tArd-Aighne mar Athráitis iad. A luaithe a bhíonn siad deimhnithe cuirtear os comhair Thithe an Oireachtais iad agus tar éis 21 lá do dhul in éag féadfar iad a lua sa chúirt mar fhianaise prima facie den dlí atá leagtha amach iontu.                 

Roinn Teagmhála:Roinn an Taoisigh 

Sínithe ag an Uachtarán an:24.12.02