Uimhir 37 de 2003 - An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 2003
Cad a dhéanann an dlí seo?
Forálann an dlí nua seo do shíneadh ar bhonn dlíthiúil oibleagáid thiománaithe réamhshampla anála a chur ar fáil. Síneann an tAcht na forais ar ar féidir le comhalta den Gharda Síochána a iarraidh ar thiománaí réamhshampla anála (anáileadán) a chur ar fáil lena n-áirítear imthosca ina mbíonn an comhalta den tuairim go raibh an duine atá i gceannas feithicle inneall ghluaiste páirteach i dtimpiste nó go ndearna an duine sin cion tráchta.
Roinn Teagmhála:An Roinn Iompair
Sínithe ag an Uachtarán an:27.11.2003