Uimhir 41 de 2003 - An tAcht Leasa Shóisialaigh, 2003
Cad a dhéanann an dlí seo?
Forálann an tAcht Leasa Shoisialaigh do mhéaduithe sna rátaí árachais shóisialaigh agus in íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh, d'fheabhsúcháin sascéim um fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh, agus méadú i méid an Deontais do Thuismitheoir is Baintreach, ar na fhógairt i Ráiteas Buiséid 2004.
Forálann an tAcht freisin do mhéadú sa tuilleamh bliantúil nó san uas teorainn ioncaim faoi na bhfuil ranníocaí Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC) iníoctha ag fostaithe nó ag ranníocóirí roghnacha. Tá forálacha i ndáil le leasuithe ar an gcód Leasa Shóisialaigh san Acht freisin, agus áirítear orthu sin athruithe i nascadh éileamh, tréimhse an teidil do Shochar Dífhostaíochta, leasuithe ar mhéaduithe leanaí cáilithe, agus athruithe ar na Forlíontaí Cíosa agus Morgáisteis iníoctha de réir na scéime Liúntais Leasa Forlíontaigh.
Ar deireadh, forálann an tAcht do mhionleasú teicniúilar an reachtaíocht a rialaíonn feidhmiú ÁSPC, Ranníocaí Sláinte agus Tobhach an Chiste Náisiúnta Oiliúna i leith sochair comhchineáil.
Roinn Teagmhála:An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
Sínithe ag an Uachtarán an:19.12.03