Uimhir 7 de 2003 - An tAcht um Cheadanna Fostaíochta 2003
Cad a dhéanann an dlí seo?
Achtaíodh an tAcht seo chun cead a thabhairt do náisiúnaigh deich Stát Aontachais (an Pholainn, Poblacht na Seice, an Ungáir, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Liotuáin, an Laitvia, an Eastóin, Málta agus an Chipir) dul i mbun fostaíochta i margadh saothair na hÉireann tar éis an Aontachais (1 Bealtaine 2004) gan gá dóibh Cead Oibre a bheith acu.
Forálann an tAcht seo go bhféadfar Cead Oibre a thabhairt isteach an athuair do náisiúnaigh de chuid na Stát sin má fhulaingíonn an margadh saothair díshocraíocht thromchúiseach sna chéad cúpla bliain tar éis an Aontachais. Luann an tAcht go sonrach an ceanglas ó thaobh Chead Fostaíochta nuair a bheartaítear náisiúnaigh nach den EEA iad a fhostú. Cruthaíonn sé cion coiriúil don fhostaí agus don fhostóir araon i gcás go dtéitear i gconradh fostaíochta gan cead den sórt sin a bheith faighte.
Roinn Teagmhála:An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Sínithe ag an Uachtarán an:10.04.03