Uimhir 8 de 2003 - An tAcht Rialtais Áitiúil 2003
Cad a dhéanann an dlí seo?
Is Acht gearr teicniúil é an tAcht seo a bhaineann le bailíochtú orduithe droichid áirithe. Is éard is ordú droichid ann ná ordú Aireachta a údaraíonn droichead nua a thógáil faoi mar a fhoráiltear san Acht Rialtais Áitiúil 1946. I bhfianaise aisghairm fhorálacha Acht 1946 (mar chuid de mhórchlár nuachóirithe agus comhdhlúthaithe an dlí rialtais áitiúil) tá sé i gceist leis an Acht seo orduithe droichid eatramhacha áirithe a chosaint trí fhoráil d'fheidhmiú leanúnach fhorálacha Acht 1946 ina leith.
Roinn Teagmhála:An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil
Sínithe ag an Uachtarán an:10.04.03