Beathaisnéis Lucinda Ní Chríodáin, Uas., Aire Stáit

Aire Stáit ar a bhfuil Freagracht Speisialta maidir le Gnóthaí Eorpacha
Lucinda Creighton T.D.
Oideachas
- 1984 – 1998: Fuair oideachas bunleibhéil agus meánleibhéil i gColáiste Mhuire, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo.
- 1998 – 2002: Chuaigh le Dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus bhain céim LLB amach i gColáiste na Tríonóide in 2002.
- 2003: Cháiligh ina Aturnae i Stát Nua Eabhrac
- 2004 – 2005: D’fhreastail ar Chumann Onórach Óstaí an Rí.
- 2005: Glaodh chun Bharra na hÉireann uirthi in 2005.
- 2006 – 2007: Thug a cuid oiliúna ina hAbhcóide chun críche.
- 2008: Máistreacht (LLM) i gCaidreamh Idirnáisiúnta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Fostaíocht Roimhe Seo
- 2001: Comhordaitheoir don Pháirtí Daonlathach i Nua Eabhrac
- 2002: Comhairleoir Polaitíochta i nDáil Éireann
- 2002 – 2003: Gluaiseacht na hEorpa, Éire; Taighde
- 2003 – 2004: An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta; Preasoifig
- 2004: Comhordaitheoir le hUachtaránacht Sláinte agus Sábháilteacht na hEorpa
- 2004: Toghadh le hionadaíocht a dhéanamh ar an Pembroke Ward ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
- 2005: Abhcóide
- 2007: Toghadh go Dáil Éireann
- 2011: An tAire Gnóthaí Eorpacha, Roinn an Taoisigh.
Rannpháirtíocht i nGnóthaí Eorpacha
- Comhalta de Líonra na gComhaltaí Óga de Pháirtí an Phobail Eorpaigh (EPP)
- Toscaire Fhine Gael ar Líonra Parlaiminteach Pháirtí an Phobail Eorpaigh (EPP)
- 2002: Roghnaithe ag an Rialtas le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa Bhruiséil ag Comhdháil na nÓg ar Thodhchaí na hEorpa.
- 2004: Ar choiste comhairleach chun na Roinne Oideachais maidir le hUachtaránacht na hÉireann ar an AE.
- 2003 – 2005: Bhí ar Bhord YEPP (Daonlaithe Críostaí Óga na hEorpa)
- Comhalta d’Institiúid na hÉireann maidir le Gnóthaí Eorpacha
- Feachtasóir gníomhach ar son Chonradh Nice (2001 &2002) agus Chonradh Liospóin (2008 & 2009) le linn reifrinn na hÉireann
Obair Pharlaiminte
- 2007 – 2010: Urlabhraí Fhine Gael ar Ghnóthaí Eorpacha.
- 2007 – 2010: Comhalta den Chomhchoiste Oireachtais (Parlaiminteach) ar Ghnóthaí Eorpacha.
- 2007 – 2010: Comhalta den Chomhchoiste Oireachtais um Iniúchadh Eorpach.
- 2008 – 2008: Comhalta d’Fhochoiste Parlaiminteach ar Thodhchaí na hÉireann san Eoraip
- 2010: Cathaoirleach an Fhochoiste Parlaiminteach ar ról an Oireachtais i nGnóthaí Eorpacha
- 2010 – 2011: Urlabhraí Fhine Gael ar Inimirce, ar Lánpháirtiú agus ar Chomhionannas
- 2010 – 2011: Comhalta den Chomhchoiste Oireachtais (Parlaiminteach) ar Dhlí agus Cirt, ar Chosaint agus ar Chearta na mBan.